Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Rochtain ar fhaisnéis

Tá an GBRÁ tiomanta do rochtain éasca ar fhaisnéis a sholáthar.

Gheobhaidh tú réimse de dhoiciméid chorparáideacha an GBRÁ, lena n-áirítear ár dtuarascálacha bliantúla sa rannóg Foilseachán.

Faigh tuilleadh eolais maidir le conas is féidir leat faisnéis GBRÁ a rochtain sna rannóga thíos. 

Faisnéis a chur ar fáil do bhaill an Oireachtais

Tá seoladh ríomhphoist tiomanta do bhaill an Oireachtais ag an GBRÁ. Ba cheart do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí a bhfuil faisnéis á lorg acu teagmháil a dhéanamh le Corporate@lgma.ie.

Admhóidh an GBRÁ gach fiosrú ó bhaill an Oireachtais laistigh de thrí lá oibre. Áireofar ar na hadmhálacha sonraí teagmhála don oifigeach a bheidh ag déileáil leis an bhfiosrú. Déileálfar le gach fiosrú a luaithe is féidir agus eiseofar freagairt tráth nach déanaí ná 15 lá oibre i ndiaidh an fiosrú a fháil.

Nochtadh cosanta

Tá an GBRÁ tiomanta dá chinntiú go mbeidh cultúr agus timpeallacht oibre ann ina ndéanfar fostaí/oibrí ar bith a spreagadh agus tacú leo maidir le fadhb ar bith a thuairisciú lena bhféadfaí drochthionchar a imirt ar chumas na Gníomhaireachta seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar agus nochtadh na héagóra agus cosaint an fhostaí (na bhfostaithe)/oibrí (na n-oibrithe) a dhéanann nochtadh dá leithéid a éascú.

Ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach líon na nochtuithe poiblí a fuarthas an mbliain roimhe sin agus an beart a rinneadh (más ann dó). Ní mór nach mbeidh sé mar thoradh ar an tuarascáil sin go n-aithneofar na daoine a dhéanann nochtadh.

Tá tuarascálacha bliantúla um nochtadh cosanta arna bhfoilsiú ag an GBRÁ ar fáil anseo.

Cosaint sonraí

Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) tugtar an ceart do dhaoine aonair cóip dá sonraí pearsanta atá i seilbh an GBRÁ a iarraidh.

Tá seoladh ríomhphoist tiomanta le haghaidh fiosruithe cosanta sonraí ag an GBRÁ. Má bhíonn fiosrú ar bith agat, déan teagmháil le do thoil le dataprotection@lgma.ie.

Faisnéis airgeadais GBRÁ

Tá an GBRÁ tiomanta do thuarascáil achomair a fhoilsiú maidir leis na horduithe ceannaigh ar fad a ardaíodh le haghaidh earraí agus seirbhísí sa bhreis ar €20,000 (gan CBL san áireamh). Foilsítear sonraí ar bhonn ráithiúla chun deiridh.

Foilsíonn an GBRÁ tuarascálacha ráithiúla maidir le híocaíochtaí prasa chomh maith. Gheobhaidh tú an fhaisnéis sin anseo

Saoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá duine ar bith i dteideal iarratas a chur isteach chuig an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ar rochtain ar fhaisnéis atá ina seilbh agus nach bhfuil ar fáil go poiblí seachas sin.

Ba cheart iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
35-39 Cé Uiséir,
Baile Átha Cliath 8
D08 XKP7

Guthán 01 6332200
Ríomhphost foi@lgma.ie

Caithfear na hiarratais a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir an fhaisnéis a bheidh á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a chur in iúl. Tá sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil freagra a thabhair faoi cheann ceithre seachtaine. Admhaítear iarratais laistigh de dhá sheachtain.

Is féidir leat ceann ar bith díobh seo a leanas a iarraidh:

·       Taifid ar bith a bhaineann leatsa go pearsanta, pé uair a cruthaíodh iad

·       Gach taifead eile a cruthaíodh i ndiaidh an dáta éifeachtaigh

Chun comhlachtaí SF a éascú lena ngnó a dhéanamh i gceart, beidh gá uaireanta le cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna heisiúint i roinnt cásanna. Tá siad leagtha amach san Acht.

Táillí

Ní gá táillí ar bith a íoc le hiarratas SF a dhéanamh.

Beidh táillí i bhfeidhm maidir leis an méid ama a chaithfear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead a eiseofar chugatsa ar bhonn d’iarratais i ndáil le cóipeáil taifead dá leithéid a eiseofar. In Alt 27 den Acht leagtar amach na gnéithe um chuardach agus um aisghabháil a bhféadfaí táille a ghearradh ort astu.

Cearta chun athbhreithnithe agus achomhairc

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh maidir leis an iarratas SF, féadfaidh tú achomharc a chur os comhair an GBRÁ le haghaidh ‘athbhreithniú inmheánach’ ar an gcinneadh. Déanfaidh oifigeach níos sinsearaí athbhreithniú ar d’iarratas. Cuirfear toradh an athbhreithnithe sin in iúl duit laistigh de thrí seachtaine.

Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach i scríbhinn chuig:

An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
35-39 Cé Uiséir,
Baile Átha Cliath 8.
D08 XKP7

Ríomhphost foi@lgma.ie

Ní mór táille €30 a chur isteach leis an iarratas ar athbhreithniú inmheánach maidir le cinneadh comhlachta poiblí. Beidh táille laghdaithe €10 i bhfeidhm má tá cárta leighis agat. Níl táille ar bith i gceist le haghaidh iarratas ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta fút féin amháin nó i ndáil le cinneadh maidir le táille nó éarlais a fhorchur.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh maidir le “hathbhreithniú inmheánach”, féadfaidh tú a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar.

Ní mór táille €50 a chur isteach le formhór na n-iarratas ar athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisinéir Faisnéise. Beidh táille laghdaithe €15 i bhfeidhm má tá cárta leighis agat nó i ndáil le hathbhreithniú a bhaineann le faisnéis tríú páirtí áirithe. Níl táille ar bith i gceist le haghaidh iarratas ar athbhreithniú a bhaineann le faisnéis phearsanta fút féin amháin nó i ndáil le cinntí maidir le táillí nó éarlaisí a fhorchur.

Féadfar achomhairc i scríbhinn a chur os comhair an Choimisinéara Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

Oifigeach an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.

Guthán (01) 639 5689 Íosghlao 1890 22 30 30
Facs (01) 661 0570
Gréasán: www.oic.ie

Beidh a thorthaí nó a torthaí ceangailteach, faoi réir achomhairc os comhair na hArd-Chúirte ar phointí dlí.

Is féidir faisnéis iomlán maidir le Saoráil Faisnéise lena n-áirítear ceisteanna coitianta maidir le hiarratais a dhéanamh, táillí agus achomhairc a fháil ag https://foi.gov.ie/

Faisnéis faoin gcomhshaol

Ba cheart iarratais ar rochtain ar bhfaisnéis faoin gcomhshaol a dhéanamh le:

An tOifigeach Faisnéise RFC
An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil,
35-39 Cé Uiséir,
Baile Átha Cliath 8, D08 XKP7

Nuair a bheidh iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol éileofar ort:

  • a shonrú go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach chuig FOI@lgma.ie.
  • do shonraí teagmhála a thabhairt,
  • an fhaisnéis faoin gcomhshaol a theastaíonn a shonrú i dtéarmaí a bheidh chomh sonrach agus is féidir, agus an cineál agus an modh rochtana a theastaíonn uait a shonrú.

Tabharfar fógra duit faoin gcinneadh maidir le d’iarratas duit laistigh de mhí amháin óna fháil de ghnáth.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura mbeidh mé sásta le cinneadh maidir le m’iarratas?

Má cheapann tú gur diúltaíodh d’iarratas bunaidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol go hiomlán nó i bpáirt, nó nár déileáladh leis i gceart agus i gcomhréir le forálacha na Rialachán RFC, féadfaidh tú, tráth nach déanaí ná mí amháin i ndiaidh an cinneadh a fháil ón GBRÁ, a iarraidh go ndéanfaidh an GBRÁ athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh i bpáirt nó go hiomlán.

Ní ghearrfar táille ar bith as an bpróiseas um athbhreithniú inmheánach.

Déanfar toradh i scríbhinn maidir leis an athbhreithniú ina gcuirfear an cinneadh agus an chúis leis an gcinneadh in iúl duit agus ina dtabharfar comhairle duit maidir le do cheart chun achomharc a chur os comhair an Choimisinéara um Fhaisnéis faoin gComhshaol, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc dá leithéid, a eisiúint chugat faoi cheann míosa ó dháta fála an iarratais.

Táillí

Faoi mar a fhoráiltear sna Rialacháin RFC, níl táille thosaigh ar bith i gceist nuair a chuirfear iarratas ar fhaisnéis faoi RFC isteach chuig an GBRÁ. Féadfaidh údarás poiblí, áfach, táille réasúnta a ghearradh as faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil i gcomhréir leis na Rialacháin.

Shocraigh an GBRÁ na táillí sin faoi mar a leanas:

  • Má theastaíonn cóipeanna crua ó iarratasóir, d’fhéadfadh táille €0.04 in aghaidh na bileoige a bheith i gceist ag brath ar an méid faisnéise a bheidh san iarratas.
  • Tabharfar sonraí faoi tháillí, más ann dóibh, i litir an chinnidh dheiridh.
  • Má bhíonn fiosruithe ar bith agat, féadfar teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Faisnéise ar an nguthán ag 01 633 2200 nó ríomhphost a sheoladh chuige ag FOI@lgma.ie.